A feachtas toghchánaíochta seolta ag Joan Freeman

Nuashonraithe / Dé Luain, 1 Dfómh 2018 12:12
A feachtas toghchánaíochta seolta ag Joan Freeman

A feachtas toghchánaíochta seolta ag Joan Freeman

Tá a feachtas do thoghchán na hUachtaránachta seolta ag Joan Freeman.

'Beidh lá folláine agam go bliantúil san Áras' a dúirt sí 'a thabharfaidh le fios a thábhachtaí is atá sláinte fhisiciúil agus intinne'.

'Cumhacht shiombalach atá ag Oifig an Uachtaráin' a dúirt bunaitheoir Teach Pieta.

Maidir leis an iasacht de €120,000 a fuair sí ón bhfear gnó Des Walsh, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, dúirt sí gur thug sé an deis di a bheith páirteach sa bhfeachtas seo.

'Iasacht atá ann' a dúirt, 'mar sin cosnaíonn sé sin mo chuid neamhspleáchais'.

'Tógfaidh sé breis is 10 mbliana orm an t-airgead seo a íoc ar ais' a dúirt sí.